Céim 1Déan iarratas ar RAN
Céim 2Cuir isteach ar do Dheimhniú Digiteach (Ionchuir RAN)
Céim 3Íoslódáil agus Sábháil do Dheimhniú Digiteach
Tube Step

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá úsáid Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus tá siad ann chun tú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim a chosaint. Tóg an t-am chun iad a léamh go cúramach. Measfar go bhfuil tú tar éis glacadh leo má leanann tú ar aghaidh níos faide.
  • 1. Téarmaí agus coinníollacha ginearálta:
    • 1.1 Tá ROS bunaithe in Éirinn i gcomhréir le dlíthe Phoblacht na hÉireann agus tá sí faoi réir dlíthe Éireannacha. Nuair a úsáideann tú ROS, glacann tú leis go bhfuil d'úsáid agus aon eolas atá ar ROS, faoi réir dhlíthe na hÉireann. Má tharlaíonn conspóid ar bith mar thoradh ar aon úsáid a bhaineann tú as suíomh ROS nó aon eolas atá air, aontaíonn tú ligean d’éisteacht a bheith tugtha d’aon chonspóid dá leithéid sna cúirteanna Éireannacha.
    • 1.2 Glacann na Coimisinéirí Ioncaim seilbh ar, agus coinníonn siad, gach ceart, faoi réir aon chomhaontuithe conarthacha atá acu cheana le soláthróirí seirbhísí tríú páirtí (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do, chóipcheartanna, paitinní, rúin trádála agus aon chearta intleachtúla eile) i dtaca le gach leagan de ROS.
    • 1.3 Ní féidir le héinne úsáid a bhaint as ROS ach amháin fostaithe na gCoimisinéirí Ioncaim, custaiméirí, gníomhairí atá ag feidhmiú ar son chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim nó tríú páirtithe atá cláraithe le nó faoi chonradh ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críche gnó a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim amháin.
    • 1.4 Coinníonn na Coimisinéirí Ioncaim an ceart chun athruithe a dhéanamh ar an eolas, dearadh agus seirbhísí a sholáthraítear i suíomh gréasáin ROS gan aon fholáireamh a thabhairt agus gan ghlacadh le haon dliteanas. Déanfar gach iarracht chun foláireamh a thabhairt faoi aon athruithe roimhré.
    • 1.5 Forchoimeádann na Coimisinéirí Ioncaim an ceart cur le, leasú nó athrú a dhéanamh ar théarmaí an chomhaontaithe seo trí fhógra i dtaca le hathruithe dá leithéid a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Cuirfidh úsáid leantach na seirbhíse seo in iúl go nglacann tú leis na hathruithe seo.
    • 1.6 Tá tú ag gealladh eolas, tuairisceáin nó treoracha a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ag úsáid ROS. Níl aon fhreagracht ar na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le cruinneas, fírinneacht agus iomláine na nithe sin nó aon earráidí sa chaoi ina n-ionchuireann tú iad.
    • 1.7 Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag soláthar seirbhíse i ROS a éascaíonn traschur sonraí chuig na Coimisinéirí Ioncaim nó aisghabháil eolais nó treoracha ó na Coimisinéirí Ioncaim, ullmhaithe ag táirgí nár sholáthraigh na Coimisinéirí Ioncaim iad. Ní thugann soláthar na seirbhíse seo
      1. le fios go bhfaomhann na Coimisinéirí Ioncaim na táirgí seo
      2. le fios tosaíocht do tháirgí dá leithéid thar aon táirge comhchosúil eile nach soláthraíonn an fheidhmiúlacht chun sonraí a uaslódáil chuig na Coimisinéirí Ioncaim
      3. le fios go bhfuil aon dliteanas ar na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le cruinneas, fírinneacht nó iomláine na sonraí atá ullmhaithe ag na táirgí seo nó i dtaca le haon earráidí a eascraíonn as úsáid na dtáirgí seo agus aon damáiste a eascraíonn as úsáid na dtáirgí seo.
    • 1.8 Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag soláthar seirbhíse i ROS, ar a nglaoitear an Liosta um Smachtú Rochtana nó an fheidhm LSR. Tá úsáid na feidhme LSR roghnaitheach agus faoi do dhiscréid féin. Níl aon dliteanas ar na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le húsáid nó mí-úsáid na feidhme seo.
    • 1.9 Geallann tú, ar do chostas féin, áiseanna a sholáthar agus a choinneáil in ord oibre atá oiriúnach chun rochtain a fháil ar ROS (mar a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim in iúl duit ó am go chéile)
  • 2. Coinníollacha Úsáide i gcomhair Deimhnithe eisithe ag Údarás Deimhniúcháin ROS.
    2.1 Tá úsáid na ndeimhnithe teoranta do chuspóir an duine faofa nó an duine údaraithe atá ag dul i gcumarsáid leis na Coimisinéirí Ioncaim.
    2.2 Is é ÚD ROS an t-Údarás Deimhniúcháín trína n-eisítear deimhnithe. Tá coinníollacha úsáide na ndeimhnithe rialaithe ag an Ráíteas Beartais i dtaca le Deimhniú ROS. Tá cóipeanna den ráiteas seo agus na polasaithe atá bainteach leis le fáil ar www.revenue.ie (ar leathanach logála isteach ROS) nó ó Dheasc Chabhrach Theicniúil ROS ag 01 738 36 99.
  • 3. Reachtaíocht
    Tá na Téarmaí agus Coinníollacha seo faoi réir agus gan dochar d’fhorálacha an údaráis dhleathaigh i dtaca le tuairisceáin chánach leictreonacha a dhéanamh atá le fáil i gCaibidil 6 de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 agus an tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000.
Cliceáil ar Glacaim chun dul ar aghaidh agus do dheimhniú digiteach a fháil
Cliceáil ar Eitím murar mian leat glacadh leis na Téarmaí & Coinníollacha seo