Féadtar an t-áis seo a úsáid chun tuairisceáin a ullmhú agus chun iad a shábháil mar chomhaid ar do ríomhaire logánta. Ní foláir na tuairisceáin atá comhlánaithe a uaslódáil trí ROS chun an tuairisceán a tharchur chuig na Coimisinéirí Ioncaim d'fhonn an próiseas tíolactha a chur i gcrích. Ní mór duit logáil isteach ar ROS chun an comhad a uaslódáil. Go minic bíonn sé níos éasca tuairisceáin a chomhlánú agus a thíolacadh agus tú logáilte isteach ar ár gcóras ar leith agus ar líne ROS
Treoir maidir leis an áis seo a úsáid
Cén chaoi a ndéanaim tuairisceáin a sábháladh ar mo ríomhaire a thíolacadh?
Ní mór Cineál an Tuairisceáin a roghnú agus Tréimhse chomh maith más infheidhme don fhoirm sin, roimh thuairisceán nua a thosú nó tuairisceán a sábháladh roimhe seo a roghnú.
Am istigh: I ndiadh 30 nóiméad de neamhghníomhaíocht, beidh an t-am istigh agus caillfear aon obair nár sábháladh. Déan cinnte go mbíonn tú ag sábháil do chuid oibre go rialta chun é seo a sheachaint.